Playing

Perfect Ed Sheeran As Gaeilge - T Ghta Anocht



Download link: Perfect – Ed Sheeran As Gaeilge - “Tóghta Anocht”.mp3


Liricí le Nathan agus Liam Óg
Cór na mbuachaillí
Damhsóirí le Hannah Scully
Stiúrtha ag Losty

Tá cailín ann
I m’ shaol
Suí síos taobh liom
Inseoidh mé an scéal
Tá sí gan locht
Áileann ‘gus binn
Ní raibh a fhios agam gurb í sise an duine a theastaíonn

Muid mí-aibí ach muid fós gafa
Len’ chéile gach aon lá
Dúirt mé nach n-éalóinn go deo
Stóirín téamh m’aghaidh
Mo chroí ag leá ar do radharc
Tabhair póigín milis dom go beo

A bhaebaí, gach aon rud i gceart
Is mé in aice leat
Ár dtodhchaí i d’ shúile
Ag damhsa go mall le pé amhrán
Nuair nach raibh muinín agat
Chroch mé do cheann
D’admhaigh mé gur thú mo stóirín
Nach mbeidh muid tóghta anocht

Lasann an seomra
Leanann an solas í
Roinn muid ár smaointí agus scaití
Líon sí mo bhrionglóidí
Ar nós na sléibhte
Chonaic mé rud a bhí fíor
Fanann aoibhneas, fanann suaimhneas de shíor

Muid fós mí-aibí is fós gafa
Len’ chéile gach samhradh
An áilleacht beo ionat go brách
‘S tú an té is daithiúla,
Bí liomsa ‘s beidh mé leatsa
Tá a fhios agam go mairfimid i bhfad

A bhaebaí, gach aon rud i gceart
Is mé in aice leat
Ár dtodhchaí i d’ shúile
Ag damhsa go mall le pé amhrán
Nuair nach raibh muinín agat
Chroch mé do cheann
D’admhaigh mé gur thú mo stóirín
Nach mbeidh muid toghta anocht

A bhaebaí, gach aon rud i gceart
Is mé in aice leat
Ár dtodhchaí i d’ shúile
Ag damhsa go mall le pé amhrán
Ag siúl leat tríd an tsaoil
‘Nois tá a fhios agam gur thú an t-aon tá domsa
Nach bhfuil muid tóghta
Faic eile fághta
Nois tá muid tóghta anocht

Similar songs